Gra De

A Thiarna Dé, líon mé le do ghrá

Tusa an Rí, an Slánaitheoir

Nach aoibhinn an lá

Nuair a chuala tú mo ghlór

Thug tusa sólás domhsa

Bhí tart ar mo chroí

Rinne tú úr mé

Rinne tú láidir mé

Le briathar Dé taispéain domh an tslí

Thug tusa comhairle domh

Agus threoraí tú m'anam

Domhsa thug tú misneach

D'focail tú mo shaol

Rinne tú slán mé

Rinne tú go hiomlán mé

Le tine naofa tá mo creideamh beo

A Thiarna Dé, líon mé le do ghrá

A Thiarna Dé, cuidigh liom go deo

Tusa an Rí, Rí na cruinne

Tusa an Rí, an Slánaitheoir

Tá dóchas in mo chroí

Gach mhaidin is gach oích'

Amharc ar mo mhian

Mo Iosa beith i gconaí liom

Coinnigh glan mé

Coinnigh thusa dílis mé

Beidh mé choíche sásta i láthair Dé

A Thiarna Dé, líon mé le do ghrá

A Thiarna Dé, cuidigh liom go deo

Tusa an Rí, Rí na cruinne

Tusa an Rí, an Slánaitheoir

A Thiarna Dé, líon mé le do ghrá

Tusa an Rí, an Slánaitheoir